Type

Journal Article

Authors

Meidhbhín Ní Úrdail

Subjects

Architecture

Topics
l ann na gaeilge staire ocht c ad d ag cath chluain tarbh scr f s r d ann la

Annála Inse Faithleann an ochtú céad déag agus cath Chluain Tarbh (2005)

Abstract Cuid thábhachtach de shaothrú léann na Gaeilge san ochtú céad déag ab ea é abhar staire dúchais a theaglamú agus a thabhairt le chéile: ba chás leis an lucht léinn ag an am, idir scríbhneoirí agus léitheoirí, an staireagrafaíocht féin. Níorbh ionadh san, gan dabht, toisc ceist an aitheantais agus tuiscintí i leith an chultúir Ghaelaigh a bheith ag athrú de réir a chéile in Éirinn san am úd. Fairis sin, bhí tábhacht nach beag ag gluaiseacht na hársaíochta agus ag an athrú dá réir a chuaigh ar phátrúntacht na scríobhaithe dúchais Ghaeilge san ochtú céad déag. Bhí bonn leagtha cheana féin fé athinsint na staire sa tseachtú haois déag san Eoraip trí chéile, gan amhras, nuair a tháinig tuiscintí nua ar an stair agus ar an staireagrafaíocht. Cuimhnímid i gcás na hÉireann, mar shampla, ar an bhflosc chun taifeadta a thaispeáin Míchéal Ó Cléirigh agus a chomh-Phróinséiseánaigh idir na blianta 1632 agus 1636 gurbh é Annála Ríoghachta Éireann a thoradh san; nó fós ar Foras Feasa ar Éirinn Shéathrúin Chéitinn a mheas (fé mar a áitimh sé féin sa réamhrá ansúd) ‘ná’r bh’oircheas comhonóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d’ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra’.
Collections Ireland -> University College Dublin -> School of Irish, Celtic Studies and Folklore
Ireland -> University College Dublin -> Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection
Ireland -> University College Dublin -> College of Arts and Humanities

Full list of authors on original publication

Meidhbhín Ní Úrdail

Experts in our system

1
Meidhbhín Ní Úrdail
University College Dublin
Total Publications: 43