Type

Book Chapter

Authors

Meidhbhín Ní Úrdail

Subjects

Language

Topics
mac f s age irish poetry county armagh ise seo

Pádraig Mac a Liondain: bard bhí i stát ins an chrích seo (2018)

Abstract Ó cheantar an Fheadha i ndeisceart Ard Mhacha don bhfile Pádraig Mac a Liondain. Is féidir dataí a bheatha a bheachtú a bhuíochas ar fhile eile ón Fheadh a bhí comhaimseartha leis, Fearghas Mac an Bheatha (fl. 1700), agus a bhuíochas fós ar ghearrchuntas beathaisnéise le Nioclás Ó Cearnaigh (c. 1802–c. 1865) ina dhiaidh sin in ARÉ LS 23 N 33. Ina thuireamh in ómós dá charaid dar tús ‘A sheanchríoch Fáil, is gnách gach léan ort’, is mar seo a chuir Mac an Bheatha é: Seacht gcéad déag an ré a dheachtaím daoibh, is triocha ina dhiaidh an réim go beacht is trí, ó theacht Mhic Dé dár saoradh go ceart is trí mhí, go Pádraig a dhul a dh’éag, mo léan, san feart faoi liag. Is é ‘an feart’ a ainmnítear in áit eile sa tuireamh céanna ná Cill an Chreagáin in aice le baile Chrois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha. D’áitigh Nioclás Ó Cearnaigh gur cailleadh Mac a Liondain ‘in April 1733 in the 68th year of his age’, más fíor, rud a fhágfadh gur timpeall na bliana 1665 a rugadh é.
Collections Ireland -> University College Dublin -> School of Irish, Celtic Studies and Folklore
Ireland -> University College Dublin -> Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection
Ireland -> University College Dublin -> College of Arts and Humanities

Full list of authors on original publication

Meidhbhín Ní Úrdail

Experts in our system

1
Meidhbhín Ní Úrdail
University College Dublin
Total Publications: 43