Type

Journal Article

Authors

Meidhbhín Ní Úrdail

Subjects

Music

Topics
19th century reading gaeilge irish manuscripts university college dublin library mac emmigration f s

Athfhéachaint ar bhailiúchán lámhscríbhinní an Fheiritéaraigh (2019)

Abstract I measc na lámhscríbhinní Gaeilge atá ar buanchoimeád i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá naoi gcinn déag ar fhichid in aon bhailiúchán amháin ar a dtugtar Bailiúchán an Fheiritéaraigh. I gcuimhne ar an únaeir bunaidh, Pádraig Feiritéar (1856–1924) ón mBaile Uachtarach i gCorca Dhuibhne, atá an bailiúchán seo ainmnithe, scoláire Gaeilge agus gníomhaí láir i gConradh na Talún ina cheantar dúchais idir na blianta 1885 agus 1891. Ó fhianaise a chuid lámhscríbhinní, d’fhógair sé go raibh sé ‘ag fágaint’ Chorca Dhuibhne ar 5 Eanair, 1895, agus i dtreo dheireadh na míosa céanna chuaigh sé an cuan amach go Meiriceá ar bord an Cephalonia, stéiméir a thóg comhlacht an Cunard in ochtóidí groda an naoú céad déag chun imircigh a iompar go Boston ó Learpholl agus ó Chóbh Chorcaí (Queenstown san am úd, dar ndóigh). Fé 9 Márta, 1895, bhí Massachusetts bainte amach aige agus é lonnaithe i gcathair Quincy. Is eol ó cholafain agus ó nótaí éagsúla a ghabhann lena chuid oibre i Meiriceá ina dhiaidh sin go raibh sé lonnaithe i Chelsea anuas go dtí 1902. Bhí sé lonnaithe i Nua Eabhrac fén mbliain 1904 agus de réir dhaonáireamh an stáit úd don mbliain 1905 bhí sé ina lóistéir i Manhattan ag ‘Charles O Farrell’, Éireannach, 45 bliain d’aois. I gcathair Nua Eabhrac a chaith sé formhór a shaoil go dtí 1923. Ón uair go raibh teipthe ar an tsláinte aige le bliain fén am san, thug mac dearthár leis, Mícheál Feiritéar, a uncail go dtí a áit chónaithe, Chicago. Is ansan a cailleadh Pádraig ar 21 Iúil, 1924. Cuireadh dhá lá ina dhiaidh sin i reilg Mount Carmel é, agus Proof Reading Printing a luadh mar shlí bheatha leis ar a theastas báis.
Collections Ireland -> University College Dublin -> School of Irish, Celtic Studies and Folklore
Ireland -> University College Dublin -> Irish, Celtic Studies and Folklore Research Collection
Ireland -> University College Dublin -> College of Arts and Humanities

Full list of authors on original publication

Meidhbhín Ní Úrdail

Experts in our system

1
Meidhbhín Ní Úrdail
University College Dublin
Total Publications: 43